Click in the field, then press CTRL+C to copy the HTML code
Ar Bhás Mhunir Niazi
Níl éinne anois a ghlaofaidh ar ais ar na gaotha ar fán
Níl éinne a déarfaidh cad tá ag an tráthnóna á rá:
Tionlacan garg le bailc í scairt an mhuezzin
Cé a chanfaidh feasta dúinn tost glórach na bhfothrach, titim ghasta na n-úll
Cé a sheasfaidh leis féin i mbaile bocht tréigthe is é ag feitheamh go ciúin
Le héirí na gealaí? Véarsa ag dul fé ar fhíor na spéire is ea do chroíse
Síolta sceite na pomagránaite, líonmhar dearg, é do bhás
Stoirm chantalach, treascairt, clagarnach, callán,
Folt á stróiceadh, béilteach thine ag dul as; fáiscim searbhshíolta fé m'fhiacla
poem by
Gabriel Rosenstock
from
Rogha Rosenstock
solid border
dashed border
dotted border
double border
groove border
ridge border
inset border
outset border
no border
blue
green
red
purple
cyan
gold
silver
black