Iascaire is ea m'athair le ceart
Conas ná raibh a fhios againn cheana
agus diamhair na mara
chomh glé sin ina shúil?
Lá an adhlactha, iompraíonn sé
doircheacht mhoch na maidine
ar an trá sin a shíneann
ó dhoras an tséipéil
go dtí bruach an tsaoil.
Siúlann thar an slua
atá bailithe sa chlós,
a chois báite sa ghaineamh
gan cabhair a iarraidh
ó éinne dá chlann mhór mhac.
Ní thuigimid an fharraige fós,
dar leis, a cneastacht ná a racht.
Tá naomhóg an bhróin
bun os cionn ar a ghualainn
chomh dubh le fuil théachta,
an fharraige ag fiuchadh
le deora goirt
a loiscfeadh súil na gréine.
Scarann tonn na sochraide roimis
is cuireann sé a dheartháir
sa pholl atá tochailte
aige féin is an ngealaigh
ó aréir. Nuair a shiúlann
ón uaigh ar ais,
tá gile na dtonn
is uaigneas an domhain i ngleic
i súil ghlas mo shinsir.
poem by Louis de Paor from Cúpla Siamach an Ama (2006)
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

No comments until now.