An Fear Glas
As na cúlchríocha tig tú chugainn ar dhroim na gaoithe;
géagscaoilte, garbhánta, boladh an aiteannaí ar ghlasghála
d’anála; úsc an chaoráin ar fhód glas do theanga;
ealta éan ag ceiliúr i nduilliúr ciabhach do chúil.
Tig tú ag spreagadh an tsíl, ag cur síneadh i rútaí,
ag gríosadh lí na gréine i ngnúis liath an Aibreáin.
Tá scamaill i bhfostú i do ghéaga agus éanacha beaga
na spéire ag neadú i bhfraoch do chléibhe, i bhfál do ghabhail.
Sciúrann tú an mhaidin le garbhshíon na gcuach,
sa chruth go gcuirtear luisne úr i luibh is i lus, i dtom is i sceach.
Nuair a bhaineann tú searradh as do chnámha Earraigh,
cluintear méileach sna cuibhrinn agus cuacha sna crainn.
I mínte an tsléibhe, teann solas do shúl i bhfód ionainn.
Tig bachlóga ar ár ndóchas.
poem by Cathal Ó Searcaigh from An Bealach 'na Bhaile (1993)
Submitted by anonym
| Vote! | Copy!