Home page | Latest quotes | List of authors | Random quotes | Vote!

An Fear Glas

As na cúlchríocha tig tú chugainn ar dhroim na gaoithe;
géagscaoilte, garbhánta, boladh an aiteannaí ar ghlasghála
d’anála; úsc an chaoráin ar fhód glas do theanga;
ealta éan ag ceiliúr i nduilliúr ciabhach do chúil.
Tig tú ag spreagadh an tsíl, ag cur síneadh i rútaí,
ag gríosadh lí na gréine i ngnúis liath an Aibreáin.

Tá scamaill i bhfostú i do ghéaga agus éanacha beaga
na spéire ag neadú i bhfraoch do chléibhe, i bhfál do ghabhail.
Sciúrann tú an mhaidin le garbhshíon na gcuach,
sa chruth go gcuirtear luisne úr i luibh is i lus, i dtom is i sceach.
Nuair a bhaineann tú searradh as do chnámha Earraigh,
cluintear méileach sna cuibhrinn agus cuacha sna crainn.

I mínte an tsléibhe, teann solas do shúl i bhfód ionainn.
Tig bachlóga ar ár ndóchas.

poem by Cathal Ó Searcaigh from An Bealach 'na Bhaile (1993)Report problemRelated quotes
Submitted by anonym
| Vote! | Copy!

Share

Related quotes

Sanas na Marbh

Dá mbeadh fonn orm, tabharfadh mé
athfhéachaint ar léinseach an locha, ag deireadh lae –
ag dul i leith na deirge,
muirn an tsean-chatha
i mo chluasa dúnta agus lámh chiotach na staire
faoi mo bhráid: beaignití na nDeargánach ag muinéal
mo chuimhne.

Agus dá mbeadh fonn orm,
bhainfadh mé solás as an bhfuarán sléibhe ag déanamh
ar thobar an bhláir fholaimh,
murach an básbholadh,
murach an trup cos a chualas ar ghualann na tuaithe:
buídhean cuachta as an rí-theaghlach Stiúbhartach,
arís ar na gcosaibh?

Agus dá gcuirfeadh mé ar fán –
bheinn i láthair mar fhámaire ghaoithe,
ag ábhacht le brait idir dhearg 's bhreacán,
ag déanamh gaisce sna Garbh Críocha,

ag déanamh éachta ar son an Phrionsa.

Ach an fonn orm, bheinn sásta gloine fíona Spáinneach
a ardú do Phrionsa an Fhraoigh, nó feirc bán a chaith
i mo chaipín, nó éamh
ar Chríost féin. Ach tá rian an áir
ar an aer agus cnámha coscartha faoi thalamh: slua ghairm
na marbh ag briseadh isteach ar mo neamhaistear,

ag lorg na déirce ó chluas bhodhar na cruinne.

poem by Dolores Stewart from 'Sé Sin le Rá (2001)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Ní féidir le bláth blossom gan solas na gréine, agus ní féidir le fear beo gan grá.

quote by Max MullerReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Cúirt an hean-Oíche

Brian

Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na h-abhann,
Ar bháinseach úr 'san drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe,
Gan mhairg, gan mhoill le soilse an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íor na spéire:
Ba thaithneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte,
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
Do ghealadh an croí a bhí críon le cianta,
Caite gan bhrí nó líonta i bpianta;
An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas
D'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
An lachain 'na scuainte ar chuan gan ceo,
'S an eala ar a bhfuaid 's í ag gluaiseacht leo,
Na h-éisc le meidhir ag éirí in áirde,
Péirse im radharc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach, torannach, trom.
Bhíodh éanlaith i gcrainn ann go
meidhreach mómharach
Is léimneach eilite i gcoillte im chóngar,
Géimneach adharc 'is radharc ar shlóite,
Tréanrith gadhar 'is Reynard rompu.
Ar maidin inné bhí an spéir gan cheo,
Bhí Cancer ón ngréin 'na caortha teo,
Is í gafa chun saothair tar éis na h-oíche
Agus obair an lae sin roimpi sínte.
Bhí duilliúr craobh ar ghéaga im thimpeall,
Fiorthann is féar 'ina slaoda taobh liom,
Bhí glasra fáis ann, bláth 'is luibheanna.
Scaipfeadh chun fáin dá chráiteacht smaointe.
Bhí mé cortha 'san codladh im thraochadh,
Shín mé tharm ar chothram an fhéir ghlais
In aice na gcrann i dteannta trinse,
Taca lem cheann 'smo hannlaí sínte.
Ar gceangal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamaithe dúnta in ndubhghlas néalta,
'Is m'aghaidh agam folaithe ó chuilibh go sásta,
I dtaidhreamh d'fhulaing mé an chuilithe cráite,
A chorraigh go lom, a pholl go h-ae mé,
'S mé im chodladh go trom gan mheabhair,
gan éirim.
Ba ghairid mo shuan nuair chualas, shíleas,
An talamh maguaird ag luascadh im thimpeall,
Anfa aduaidh agus fuadach fíochmhar,
Agus caladh an chuain ag tuargan tinte.
Shiolla dem shúil dar shamhlaíos uaim,
Chonaic mé chugam le ciumhais an chuain
An mhásach bholgach tholgach thaibhseach
Chnámhach cholgach ghoirgeach ghaibhdeach.
A h-airde i gceart, mar a mheasaim, díreach.
A sé nó seacht de shlata 'is fuíollach.
Péirse beacht dá brat léi scaoilte
Ina diaidh san tslab le drab is raoibeal.
Ba mhór, ba mhiar, ba fhiain le féachaint
Suas ina h-éadan créachtach créimeach:
Ba anfa a cealltair, 's ba scanradh saolta
A draid is a drandal mantach méirscreach.
A Rí gach má! ba láidir líofa
A bíoma láimhe agus lánstaf inti,
Comhártha práis in airde ar spíce
Agus cumhachta báille ina bharr air scríofa.
Agus dúirt go goirgeach d'fhoclaibh dána:

Másach

Múscail! corraigh! a chodlataigh ghránna!
Is dubhach an tslí duit sínte id shliasaid;
Cúirt ina suí agus na mílte ag triall ann.
Ní cúirt gan acht, gan reacht, gan riail,
Ná cúirt na gcreach mar do chleacht tú riamh,
An chúirt seo ghluais ó shlóite séimhe,
Ach cúirt na dtrua, na mbua 'is na mbéithe.
Is mór le maíomh i gcríocha Éibhir,
Uaisle sí mar shuíodar d'aonghuth.
Dhá lá agus oíche ar bhinn an tsléibhe
I bpálás líonmhar Bhruíon Mhaigh Gréine.
Is daingean a ghoill sé ar uaisle an rí,
Ar mhaithe an teaghlaigh taibhsigh sí
Is ar uimhir na buíne a bhi ina ndáil,
Mar d'imigh gach díth ar chríocha Fáil,
Gan seilbh, gan saoirse ag síolrach seanda,
Gan cheannas i ndlí, gan chíos, gan cheannphort;
Scriosadh an tír agus níl ina ndiaidh ann
In ionad na luibheanna ach fliodh 'is fiaile:
Na h-uaisle ab fhearr chun fáin mar léadar
Agus uachtar lámh ag fáslaigh saibhre,
Ag fealladh le fonn agus foghail gan féachaint,
D'feannadh na lobhar 'san lom dá léirscrios,
Is docharach dubhach mar d'fhúig gach daoirse
Go doilbhir dúr i ndubhcheart dlithe:
An fann gan feidhm ná faigheann ó aon neach
Ach clampar domhain agus luí chun léirscrios;
Fallsacht fear dlí agus fochnaoid airdnirt;
Cam 'is callaois, faillí 'is fábhar;
Scamall an dlí agus fíordhath fáincheart;
Dalladh le bríb, le fís 'is fallsacht.
I bhfarradh gach fíor, fuíoll níor fágadh,
Dearbhadh díbligh ar Bhíobla an lá san
Cúis, dar ndóigh, ná geobhairse saor tríd:
Cnó na h-óige á feo le faolras,
Is easnamh daoine suite in Éirinn
Mheath led chuimhne an síolrach daona;
Is folamh tráite fágadh tíortha;
An cogadh 'san bás gan Spás á ndíogadh,
Uabhar na ríthe 'is ar imigh thar sáile,
An uair ná déanann sibh tuille ina n-áit díobh;
Is náire bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach.
Agus mná ina muirear ar mhuir 'is ar thíortha,
Ciúnsaigh chorpartha agus borracaigh óga,
Agus bonnsaigh bhrothallacha fola agus feola,
Lóistigh liosta agus liostathaigh sásta,
Agus mórgaigh shioscaithe a d'imigh i bhfásach.
Is trua gan toircheas tollairí den tsórt-so,
Is trua gan tórmach brollach 'is bóta iad.
Is minic iad ullamh, an focal da bhfaighidis,
Ag titim dá mogall agus molaimse a bhfoighne.
Is é cinneadh le saoithe i gcríoch na comhairle
I gcoinne na daoirse do h-inseadh dóibh-sin,
Duine den bhuíon bhí líonta i gcumhachta,
Ar dtitim an dísle do shuíomh i bhFódla.
Táirgeann Aoibheall, croí gan aon locht,
Grá na Muimhneach, sí-bhean Léith-chraig,
Scaradh le saoithe sí na slua-so,
'Is scathamh ag scaoileadh daoirse i dTuain-seo.
Do gheall an mhíonla chaointais chóir-seo
Fallsacht dlído chloí go cumhachtach,
Seasamh i dteannta fann 'is faonlag;
Is chaithfeadh an teann bheith ceannsa daonna,
Is chaithfeadh an neart don cheart so stríochadh,
Agus chaithfeadh an ceart ina cheart bheith suite.
Geallaim anois nach clis ná cumhachta,
Caradas Miss ná Pimp ná comhalta,
A shiúlfaidh tríd an dlí so ghnáth
San chúirt ina suifidh an síolrach neamhaí.
Atá an chúirt seo seasmhach feasta san bhFiacail,
Siúl-se! freagair í! caithfidh tú triall ann,
Siúl gan tafann go tapa ar do phriacail,
Siúl nó stróicfead san lathaigh im dhiaidh tú!

poem by Brian Merriman (1781)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Mark Twain

Coinnigh ar shiúl ó dhaoine beaga a iarracht a belittle do uaillmhianta. Daoine Beaga a dhéanamh i gcónaí go bhfuil, ach an a dhéanamh gur mór bhraitheann tú go bhfuil tú, ró is féidir, a bheith iontach.

quote by Mark TwainReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Eleanor Roosevelt

Bhí i gceist Saoil a bhí ina gcónaí, agus ní mór fiosracht a choinneáil beo. Ní foláir a hAon, ar chúis ar bith, dul ar a dhroim ar an saol.

quote by Eleanor RooseveltReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Oscar Wilde

Coinnigh grá i do chroí. Tá saol gan grá cosúil le gairdín sunless nuair a bhíonn na bláthanna marbh. Tugann an Chonaic na grámhara agus á grá a teas agus saibhreas an saol gur féidir le rud ar bith eile a thabhairt.

quote by Oscar WildeReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Iascaire is ea m'athair le ceart

Conas ná raibh a fhios againn cheana
agus diamhair na mara
chomh glé sin ina shúil?

Lá an adhlactha, iompraíonn sé
doircheacht mhoch na maidine
ar an trá sin a shíneann

ó dhoras an tséipéil
go dtí bruach an tsaoil.
Siúlann thar an slua

atá bailithe sa chlós,
a chois báite sa ghaineamh
gan cabhair a iarraidh

ó éinne dá chlann mhór mhac.
Ní thuigimid an fharraige fós,
dar leis, a cneastacht ná a racht.

Tá naomhóg an bhróin
bun os cionn ar a ghualainn
chomh dubh le fuil théachta,

an fharraige ag fiuchadh
le deora goirt
a loiscfeadh súil na gréine.

Scarann tonn na sochraide roimis
is cuireann sé a dheartháir
sa pholl atá tochailte

aige féin is an ngealaigh
ó aréir. Nuair a shiúlann
ón uaigh ar ais,

tá gile na dtonn
is uaigneas an domhain i ngleic
i súil ghlas mo shinsir.

poem by Louis de Paor from Cúpla Siamach an Ama (2006)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
William Butler Yeats

Leda agus an Eala

A buille tobann: an beating sciatháin mór fós
Os cionn an cailín léirigh, a thighs caressed
De réir na fíocháin dorcha, a nape gafa ina bhille,
Tá sé ina hucht helpless ar a chíche.

Conas is féidir leis na méara doiléir terrified a bhrú
An ghlóir feathered as a thighs loosening?
Agus conas is féidir le comhlacht, atá leagtha sa Rush bán,
Ach is dóigh leis an beating chroí aisteach nuair a luíonn sé?

Tá shudder sa loins gineann sé ann
Tá an balla briste, an díon ar lasadh agus túr
Agus Agamemnon marbh.

A bheith gafa amhlaidh, Mar sin, máistreacht ag an fhuil brute ar an aer,
Ar chuir sí ar a chuid eolais lena chumhacht
Sula bhféadfadh an gob indifferent lig di titim?

poem by William Butler YeatsReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy! | In English | In Spanish | In Italian | In Romanian

Share

Treall

Tabhair dom casúr
nó tua
go mbrisfead is
go millfead
an teach seo,
go ndéanfad tairseach
den fhardoras
'gus urláir de na ballaí,
go dtiocfaidh scraith
agus díon agus
simléir anuas
le neart mo chuid
allais...

Sín chugam anois
na cláir is na tairnní
go dtógfad
an teach eile seo...

Ach, a Dhia, táim tuirseach!

poem by Caitlín Maude from Dánta, Drámaíocht agus PrósReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Pablo Picasso

Tar éis bhás Matisse, is Chagall an t-ealaíontóir amháin a bhfuil thuig ndáiríre an croílár an dath... Ó Renoir, ní dhearnadh aon péintéir a d'fhéadfadh a bhíonn ag plé le solas mothú den sórt sin mar Chagall.

quote by Pablo PicassoReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Magdalena Abakanowicz

Beidh Ealaín fós an ghníomhaíocht is astonishing an chine daonna a rugadh as streachailt idir eagna agus madness, idir aisling agus réaltacht in ár gcuimhne.

quote by Magdalena AbakanowiczReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy! | In English | In Spanish | In Romanian

Share

Luaidhe an saol a dhéanfaidh tú cineálta agus cairdiúil do gach duine faoi tú, agus beidh tú iontas cad saol sona a bheidh tú mar thoradh ar.

quote by Charles M. SchwabReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
George Bernard Shaw

Creidim i Michelangelo, Velasquez, agus Rembrandt; i d'fhéadfadh an dearadh, an Mystery dath, a fhuascailt gach rud ag Beauty everlasting. Agus an teachtaireacht Ealaíne go bhfuil déanta ar na lámha beannaithe.

quote by George Bernard ShawReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Balzac

Love Is cosúil le roinnt earrach úr, an chéad sruth agus ansin abhainn, ag athrú a gné agus a nádúr mar a ritheann sé a plunge féin i roinnt aigéan boundless, i gcás ina teoranta natures fháil ach monotony, ach i gcás anamacha mór go engulfed in oirchill endless.

quote by BalzacReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Nuair a reigns grá, is féidir leis an dodhéanta a bhaint amach.

Indian proverbsReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Ar Bhás Mhunir Niazi

Níl éinne anois a ghlaofaidh ar ais ar na gaotha ar fán
Níl éinne a déarfaidh cad tá ag an tráthnóna á rá:
Tionlacan garg le bailc í scairt an mhuezzin

Cé a chanfaidh feasta dúinn tost glórach na bhfothrach, titim ghasta na n-úll
Cé a sheasfaidh leis féin i mbaile bocht tréigthe is é ag feitheamh go ciúin
Le héirí na gealaí? Véarsa ag dul fé ar fhíor na spéire is ea do chroíse

Síolta sceite na pomagránaite, líonmhar dearg, é do bhás
Stoirm chantalach, treascairt, clagarnach, callán,
Folt á stróiceadh, béilteach thine ag dul as; fáiscim searbhshíolta fé m'fhiacla

poem by Gabriel Rosenstock from Rogha Rosenstock (1994)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Is breá liom tú, ní amháin le haghaidh a bhfuil tú, ach cad tá mé nuair atá mé leat.

quote by Roy CroftReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Bill Gates

Is féidir leat gur chuala de Dubh Dé hAoine agus Cyber ​​Dé Luain. Níl lá eile b'fhéidir gur mhaith leat a fháil amach faoi: Thabhairt Dé Máirt. Is é an smaoineamh go leor simplí. Ar an Máirt tar éis Thanksgiving, shiopadóirí a ghlacadh sos ó a n-bronntanas-cheannach agus a bhronnadh cad is féidir leo a íoc, a carthanas.

quote by Bill GatesReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Thomas More

An phictiúir mór go leor ar fud an domhain, a dhéanamh gach pointe chomh soiléir agus is féidir. Ní féidir leis an anam rathú in éagmais na healaíne Mura bhfuil tú ag iarraidh an sásamh na healaíne, nach bhfuil tú an duine, agus más rud é nach bhfuil tú an duine, ní gá duit a anam.

quote by Thomas MoreReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Pablo Picasso

Tá gach páiste ealaíontóir. Is í an fhadhb conas a bheith ina ealaíontóir nuair a fhás muid suas.

quote by Pablo PicassoReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy! | In English | In Spanish | In Italian | In Romanian

Share
 

Translation needed

The interface of this section needs to be translated (it takes about two hours). If you can help, please send us a message.

Interfaţa acestei secţiuni are nevoie de traducere (durează circa două ore). Dacă poţi ajuta, te rugăm să ne trimiţi un mesaj.