Sanas na Marbh
Dá mbeadh fonn orm, tabharfadh mé
athfhéachaint ar léinseach an locha, ag deireadh lae –
ag dul i leith na deirge,
muirn an tsean-chatha
i mo chluasa dúnta agus lámh chiotach na staire
faoi mo bhráid: beaignití na nDeargánach ag muinéal
mo chuimhne.
Agus dá mbeadh fonn orm,
bhainfadh mé solás as an bhfuarán sléibhe ag déanamh
ar thobar an bhláir fholaimh,
murach an básbholadh,
murach an trup cos a chualas ar ghualann na tuaithe:
buídhean cuachta as an rí-theaghlach Stiúbhartach,
arís ar na gcosaibh?
Agus dá gcuirfeadh mé ar fán –
bheinn i láthair mar fhámaire ghaoithe,
ag ábhacht le brait idir dhearg 's bhreacán,
ag déanamh gaisce sna Garbh Críocha,
ag déanamh éachta ar son an Phrionsa.
Ach an fonn orm, bheinn sásta gloine fíona Spáinneach
a ardú do Phrionsa an Fhraoigh, nó feirc bán a chaith
i mo chaipín, nó éamh
ar Chríost féin. Ach tá rian an áir
ar an aer agus cnámha coscartha faoi thalamh: slua ghairm
na marbh ag briseadh isteach ar mo neamhaistear,
ag lorg na déirce ó chluas bhodhar na cruinne.
poem by Dolores Stewart from 'Sé Sin le Rá (2001)
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!
