Treaspasóir
tú imithe le seachtain
d’gháire fós mo thionlacan
ba mhian liom éalú
ó d’íomhá atá do mo leanúint
uair a eiríonn an ghrian
go luíonn sí arís
is níos deanaí fós
is mé ag glanadh suas
tar éis lá oibre
tú mar a bheadh néal carnach
ós mo chionn
tuigim go mbeidh sé amhlaidh
go dtiocfaidh tréigean do chomactais.
poem by Colette Nic Aodha from Baill Seirce (1998)
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!