Home page | Latest quotes | List of authors | Random quotes | Vote!

Trí na chéile a thógtar na cáisléain.

Irish proverbsReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Related quotes

A bheith ina gcónaí, análaithe léiriú an ghrá. Níl aon ghá le duine ar bith aon ní a chur ina luí. Is é an bealach is cumhachtaí a mhúineadh trí shampla.

quote by Anna TaylorReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
Antoine de Saint-Exupéry

Tá Saol mhúin dúinn nach bhfuil grá éard gazing ag gach ceann eile, ach i breathnú amach le chéile sa treo céanna.

quote by Antoine de Saint-ExupéryReport problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
William Butler Yeats

Gort na Saileán

Is thíos i nGort na Saileán sea casadh dom mo rún;
Ba luath a cos ar féar ann is ba luaineach a leagan siúil.
Sé dúirt sí liom bheith suaimhneach mar a fhásann duilliúr is bláth;
Ach bhí mise óg is uaibhreach is níor éist mé le guth mo ghrá.
Is thíos cois abhann go déaneamh sea sheas mé le mo ghrá,
Gualainn ar ghualainn le chéile is leag sí orm lámh.
Sé dúirt sí liom bheith suaimhneach mar a fhásann féar aníos;
Ach bhí mise óg is uabhreach 'stá na deoira anois mo chloí.

poem by William Butler Yeats from The Wanderings of Oisin and Other Poems (1889)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share

Cúirt an hean-Oíche

Brian

Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na h-abhann,
Ar bháinseach úr 'san drúcht go trom,
In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe,
Gan mhairg, gan mhoill le soilse an lae.
Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
An talamh, an tír, is íor na spéire:
Ba thaithneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte,
Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
Do ghealadh an croí a bhí críon le cianta,
Caite gan bhrí nó líonta i bpianta;
An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas
D'fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte
An lachain 'na scuainte ar chuan gan ceo,
'S an eala ar a bhfuaid 's í ag gluaiseacht leo,
Na h-éisc le meidhir ag éirí in áirde,
Péirse im radharc go taibhseach tarrbhreac,
Dath an locha agus gorm na dtonn
Ag teacht go tolgach, torannach, trom.
Bhíodh éanlaith i gcrainn ann go
meidhreach mómharach
Is léimneach eilite i gcoillte im chóngar,
Géimneach adharc 'is radharc ar shlóite,
Tréanrith gadhar 'is Reynard rompu.
Ar maidin inné bhí an spéir gan cheo,
Bhí Cancer ón ngréin 'na caortha teo,
Is í gafa chun saothair tar éis na h-oíche
Agus obair an lae sin roimpi sínte.
Bhí duilliúr craobh ar ghéaga im thimpeall,
Fiorthann is féar 'ina slaoda taobh liom,
Bhí glasra fáis ann, bláth 'is luibheanna.
Scaipfeadh chun fáin dá chráiteacht smaointe.
Bhí mé cortha 'san codladh im thraochadh,
Shín mé tharm ar chothram an fhéir ghlais
In aice na gcrann i dteannta trinse,
Taca lem cheann 'smo hannlaí sínte.
Ar gceangal mo shúl go dlúth le chéile,
Greamaithe dúnta in ndubhghlas néalta,
'Is m'aghaidh agam folaithe ó chuilibh go sásta,
I dtaidhreamh d'fhulaing mé an chuilithe cráite,
A chorraigh go lom, a pholl go h-ae mé,
'S mé im chodladh go trom gan mheabhair,
gan éirim.
Ba ghairid mo shuan nuair chualas, shíleas,
An talamh maguaird ag luascadh im thimpeall,
Anfa aduaidh agus fuadach fíochmhar,
Agus caladh an chuain ag tuargan tinte.
Shiolla dem shúil dar shamhlaíos uaim,
Chonaic mé chugam le ciumhais an chuain
An mhásach bholgach tholgach thaibhseach
Chnámhach cholgach ghoirgeach ghaibhdeach.
A h-airde i gceart, mar a mheasaim, díreach.
A sé nó seacht de shlata 'is fuíollach.
Péirse beacht dá brat léi scaoilte
Ina diaidh san tslab le drab is raoibeal.
Ba mhór, ba mhiar, ba fhiain le féachaint
Suas ina h-éadan créachtach créimeach:
Ba anfa a cealltair, 's ba scanradh saolta
A draid is a drandal mantach méirscreach.
A Rí gach má! ba láidir líofa
A bíoma láimhe agus lánstaf inti,
Comhártha práis in airde ar spíce
Agus cumhachta báille ina bharr air scríofa.
Agus dúirt go goirgeach d'fhoclaibh dána:

Másach

Múscail! corraigh! a chodlataigh ghránna!
Is dubhach an tslí duit sínte id shliasaid;
Cúirt ina suí agus na mílte ag triall ann.
Ní cúirt gan acht, gan reacht, gan riail,
Ná cúirt na gcreach mar do chleacht tú riamh,
An chúirt seo ghluais ó shlóite séimhe,
Ach cúirt na dtrua, na mbua 'is na mbéithe.
Is mór le maíomh i gcríocha Éibhir,
Uaisle sí mar shuíodar d'aonghuth.
Dhá lá agus oíche ar bhinn an tsléibhe
I bpálás líonmhar Bhruíon Mhaigh Gréine.
Is daingean a ghoill sé ar uaisle an rí,
Ar mhaithe an teaghlaigh taibhsigh sí
Is ar uimhir na buíne a bhi ina ndáil,
Mar d'imigh gach díth ar chríocha Fáil,
Gan seilbh, gan saoirse ag síolrach seanda,
Gan cheannas i ndlí, gan chíos, gan cheannphort;
Scriosadh an tír agus níl ina ndiaidh ann
In ionad na luibheanna ach fliodh 'is fiaile:
Na h-uaisle ab fhearr chun fáin mar léadar
Agus uachtar lámh ag fáslaigh saibhre,
Ag fealladh le fonn agus foghail gan féachaint,
D'feannadh na lobhar 'san lom dá léirscrios,
Is docharach dubhach mar d'fhúig gach daoirse
Go doilbhir dúr i ndubhcheart dlithe:
An fann gan feidhm ná faigheann ó aon neach
Ach clampar domhain agus luí chun léirscrios;
Fallsacht fear dlí agus fochnaoid airdnirt;
Cam 'is callaois, faillí 'is fábhar;
Scamall an dlí agus fíordhath fáincheart;
Dalladh le bríb, le fís 'is fallsacht.
I bhfarradh gach fíor, fuíoll níor fágadh,
Dearbhadh díbligh ar Bhíobla an lá san
Cúis, dar ndóigh, ná geobhairse saor tríd:
Cnó na h-óige á feo le faolras,
Is easnamh daoine suite in Éirinn
Mheath led chuimhne an síolrach daona;
Is folamh tráite fágadh tíortha;
An cogadh 'san bás gan Spás á ndíogadh,
Uabhar na ríthe 'is ar imigh thar sáile,
An uair ná déanann sibh tuille ina n-áit díobh;
Is náire bhur n-iomad gan siorraigh gan síolrach.
Agus mná ina muirear ar mhuir 'is ar thíortha,
Ciúnsaigh chorpartha agus borracaigh óga,
Agus bonnsaigh bhrothallacha fola agus feola,
Lóistigh liosta agus liostathaigh sásta,
Agus mórgaigh shioscaithe a d'imigh i bhfásach.
Is trua gan toircheas tollairí den tsórt-so,
Is trua gan tórmach brollach 'is bóta iad.
Is minic iad ullamh, an focal da bhfaighidis,
Ag titim dá mogall agus molaimse a bhfoighne.
Is é cinneadh le saoithe i gcríoch na comhairle
I gcoinne na daoirse do h-inseadh dóibh-sin,
Duine den bhuíon bhí líonta i gcumhachta,
Ar dtitim an dísle do shuíomh i bhFódla.
Táirgeann Aoibheall, croí gan aon locht,
Grá na Muimhneach, sí-bhean Léith-chraig,
Scaradh le saoithe sí na slua-so,
'Is scathamh ag scaoileadh daoirse i dTuain-seo.
Do gheall an mhíonla chaointais chóir-seo
Fallsacht dlído chloí go cumhachtach,
Seasamh i dteannta fann 'is faonlag;
Is chaithfeadh an teann bheith ceannsa daonna,
Is chaithfeadh an neart don cheart so stríochadh,
Agus chaithfeadh an ceart ina cheart bheith suite.
Geallaim anois nach clis ná cumhachta,
Caradas Miss ná Pimp ná comhalta,
A shiúlfaidh tríd an dlí so ghnáth
San chúirt ina suifidh an síolrach neamhaí.
Atá an chúirt seo seasmhach feasta san bhFiacail,
Siúl-se! freagair í! caithfidh tú triall ann,
Siúl gan tafann go tapa ar do phriacail,
Siúl nó stróicfead san lathaigh im dhiaidh tú!

poem by Brian Merriman (1781)Report problemRelated quotes
Submitted by Dan Costinaş
| Vote! | Copy!

Share
 

Translation needed

The interface of this section needs to be translated (it takes about two hours). If you can help, please send us a message.

Interfaţa acestei secţiuni are nevoie de traducere (durează circa două ore). Dacă poţi ajuta, te rugăm să ne trimiţi un mesaj.